CISTE AN PHOBAIL
Tá ciste beag teoranta ar fáil againn do thionscadail a thacaíonn le spriocanna Plean Teanga Ciarraí Thiar a bhaint amach.Cuirfear fáilte speisialta roimis iarrataisí d'imeachtaí pobail a thacaíonn le cur chun cinn na teanga, ach go háirithe i réimsí na hÓige agus na bhFéilte.Tuilleadh eolais ach teagmháil a dhéanamh linn.Foirm iarrataisí thíos.
Ainmníodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne mar bhuaiteoir náisiúnta i gComórtas Ghlór na nGael in Ard Mhacha le déanaí, agus an tarna háit fachta againn don gCoiste is Fearr sa tír, le duais €5,000 dó san.
Anuas air sin, fuair an Comharchumann aitheantas don obair i réimse an teaghlaigh agus an 1ú áit sa Rannóg san buaite againn - ár seasamh ar Orlaith Ruiséal & Tús Maith a bhíonn ceannródaíoch san obair san.
Comhghairdeachas lenar gcairde i nDúchas an Daingin chomh maith as duais aitheantais GRADAIM a bhuachaint.
TICÉADAÍ d'FHÉILE na GEALAÍAn bhfuil spéis agatsa, agus beirt chara leat, dul go Féile na Gealaí i mbliana?Buaigh 3 thicéad don bhFéile Cheoil is Champála seo a bheidh ar siúl idir an 9ú 11ú - Meitheamh, i Ráth Chairn, Co. na Mí. Níl le deineamh ach míniú dúinn canathaobh go bhfuil na ticéidí ag teastáil uait agus beidh d'ainm i gceannchur! Cuir rphost go pleanteanga@cfcd.ie nó téacs go 087 376 9538.www.feilenagealai.com
COISTE SIAMSÍOCHTATá Coiste Siamsaíochta á bhunú ag Tobar Dhuibhne chun imeachtaí a chur le chéile do dhaoine fásta. Spórt uisce, coirmeacha ceoil, siúlóidí, laethanta spóirt, oíche blaiseadh beorach... ar fad trí Ghaelainn! Ana chraic a bheadh ann - an mbeidh spéis agatsa tuairimí a thabhairt agus cabhrú le breis imeachtaí Gaelainne a bheith ar siúl i gCorca Dhuibhne? Téir i dteangamháil linn!
Ar mhaith leat cáilíocht mhúinteoireachta a bhaint amach ar líne?
Beidh Teastas i Múineadh na Gaelainne d’Fhoglamimeoirí Fásta (ar líne) le hOllscoil Mhá Nuad ag tosnú Meán Fómhar 2023 & tá scoláireachtaí ar fáil ó Thobar Dhuibhne!
Tapaigh an deis! Líon isteach an Fhoirm Iarratais ar Scoláireacht: https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSdpkqTSaDshkZ2XLDBcJdnh_NFWkVt638c88CjujQK4JHq8XQ/viewformAn mbeadh spéis agat TAITHÍ OIBRE a dhéanamh le Tobar Dhuibhne le linn an tSamhraidh/ Beidh cúpla uair a chloig ar fáil linn chun obair phraiticiúil a dhéanamh chomh maith le blaiseadh den bpleanáila teanga a phriocadh suas.